KidsOut World Stories

Focail Mhóra an Turtair (Cúige Uladh) Nick Twyford    
Previous page
Next page

Focail Mhóra an Turtair (Cúige Uladh)

A free resource from

Begin reading

This story is available in:

 

 

 

 

COGG logo

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

 

 

 

 

Focail Mhóra an Turtair

(Cúige Uladh)

Scéal Filipíneach

 

 

 

 

 

 

 

 

*

Ní i gcónaí a bhíonn scéalta cineálta sa bhéaloideas ná sna síscéalta, léann muid iad nó cluineann muid iad agus déanann muid dearmad den saol a leanann ar aghaidh i ndiaidh na scéalta. Sna scéalta, déanann na carachtair botúin agus foghlaimíonn siad ceachtanna, agus tá ceacht le baint againn as na scéalta. I síscéalta mar a tharlaíonn sa saol, cé acu a bhí nó nach raibh scéal cineálta braitheann sin ar an áit a roghnaíonn tú le stopadh leis an léitheoireacht. Is fiú sin a chur san áireamh anseo ...

Tá saol níos fearr ag roinnt ainmhithe ná ainmhithe eile. Tá buabhaill Tamaraw láidir. Tá beanna ar fhianna Calaimiacha agus úsáideann siad iad leis an bhua a fháil ar chreachadóirí. Agus sa bhogach Agusanach ní fheicfidh tú ná ní chluinfidh tú na crogaill atá ansin mar go mbogann siad go ciúin.

Tá a lán ann a deir go bhfuil an saol is fearr ag na héin. Is cinnte gur chreid Turtar sin. Níorbh ionann é agus turtair eile. Tá formhór na dturtar buíoch go bhfuil lapaí orthu, rud a chiallaíonn go dtig leo snámh san fharraige, ach rinne an turtar seo gearán nár sciatháin éin iad. Tá a fhios ag formhór na dturtar go gcosnaíonn a mblaosc crua iad ar chreachadóirí, ach i gcás an turtair seo chreid sé gur meáchan ar a dhroim í an bhlaosc, rud a chiallaigh nach mbeadh sé éadrom go leor le heitilt sa spéir. Níor labhair sé ach faoi eitilt agus bhí na hainmhithe go léir bréan de bheith ag éisteacht leis ag caint fúithi an t-am ar fad. Nuair nach raibh sé ag caint faoi eitilt, bhí sé ag caint faoi féin. Níor mhaith leat mórán ama a chaitheamh leis an turtar seo.

‘Ba chóir duit a bheith sásta leis an mhéid atá agat,’ arsa duine de na seanóirí leis i ndiaidh don turtar tréimhse an-fhada a chaitheamh ag caint faoi eitilt. Bhí an seanóir seo críonna. Créatúr ársa a bhí ann agus bhí a lán colm ar a bhlaosc agus bhí a lán línte ar a aghaidh. Dúirt na turtair óga gur bhuail an seanóir seo le Bathala, feighlí an domhain. Tharla seo blianta ó shin nuair a chruthaigh Bathala beatha den chéad uair. Ní déarfadh an seanóir críonna cé acu fíor nó bréagach a bhí an ráfla seo, ach ba chuma le Turtar faoi sin. Ní raibh suim aige in aon rud ach eitilt.

Ní raibh mórán cairde ag Turtar mar go raibh sé róthógtha leis an eitilt. Ní raibh mórán suime aige sna turtair eile nár mhian leo ach a bheith ag snámh agus ag ithe. Agus ghoill na héin go léir air mar go raibh siad ábalta eitilt agus nach raibh sé féin ábalta í a dhéanamh. Ach bhí a fhios aige go mbeadh cuidiú éin de dhíth air dá mba mhaith leis eitilt go deo. Sin nó thiocfadh leis iarraidh ar cheann d’Arrachtaí na bhFilipíní cuidiú leis, agus bhí sé cliste go leor fios a bheith aige gan labhairt leosan. Is iad na daoine an t-aon dream a bhí amaideach go leor garanna a iarraidh ar na Aswang agus na Wakwak, agus na daoine a d’iarr ní fhaca aon duine iad riamh arís.

Ina áit sin, shocraigh Turtar go n-iarrfadh sé ar ghé cuidiú leis. Tharla seo fadó, sna laethanta nuair a chuir ainmhithe ceisteanna ar a chéile. Bhí a fhios ag Turtar go raibh sé iontach doiligh géanna a shásamh. Bhí siad measartha bómánta fosta, agus dá bharr sin shíl Turtar nach mbeadh aon fhadhb aige ag teacht ar ghé a chuideodh leis.

Roghnaigh Turtar gé le cuidiú leis, ach nuair a chuaigh sé chuici, bhí sí ag imeacht le bualadh lena healta. Ní raibh fonn uirthi a bheith ag iarraidh eitilt a mhúineadh do thurtar – go háirithe an turtar seo. Shíl sé go mbeadh a lán oibre i gceist.

‘Tá m’ealta ag déanamh imirce don séasúr fuar agus tá mise an-ghnóthach,” arsa an ghé le Turtar. Bhí seo fíor go pointe áirithe, ach bhí an ghé ag iarraidh gan mothúcháin an turtair a ghortú. Ina dhiaidh sin is uile, bhí a fhios ag gach duine nach mbeadh turtair ábalta eitilt ba chuma cé chomh tiomanta agus a bhí siad.

‘Is cuma liom faoi cé chomh gnóthach agus atá tú,’ arsa Turtar de ghlór caointeach. ‘Is mian liom eitilt agus is mian liom eitilt anois!’

Bhí an turtar seasmhach agus ba léir don ghé nach nglacfadh sé le freagra diúltach.

‘Lig dom ceist a chur ar m’ealta ar dtús,” ar sise, ach bhí a fhios aici go maith cad a déarfadh siad. Bhí seans aici ansin imeacht gan teacht ar ais, ach bhí sí iontach cineálta nó iontach bómánta.

Thug an ealta an freagra a raibh an ghé ag súil leis. Bhí an t-aer lán le fuaimeanna arda dímheasúla mar a rinne na géanna go léir gáire faoin rud seafóideach a d’iarr Turtar. Chomh luath agus a chríochnaigh an gáire, labhair gé amháin a bhí níos tuisceanaí ná na cinn eile agus bhí smaoineamh as an ghnáth aici.

‘Dá mbeadh greim againn ar bhata láidir idir beirt againn,” ar sise, ‘bheadh Turtar ábalta greim a choinneáil air agus sinn ag eitilt. Tá gob láidir aige agus is cinnte go mbeadh sé ábalta greim a choinneáil ar an bhata agus sinn ag eitilt. Bheadh air a bheith iontach cúramach,” ar sise. “Dá gcaillfeadh sé greim, ar feadh soicind fiú, thitfeadh sé agus bheadh sé róthrom dúinn le breith air.’

Níor thaitin an smaoineamh seo mórán leis an ghé. Bhí súil aici go mbeadh eagla ar Thurtair roimh an smaoineamh go dtitfeadh sé go talamh agus go gcuirfeadh sin an plean ar fad as a intinn. Ach, bhí Turtar iontach leithleach agus bhí a intinn dírithe ar rud amháin, dá bharr sin, ba mhian leis leanúint ar aghaidh.

‘Bhuel, cuimhnigh, coinnigh greim air seo chomh teann agus a thig leat agus ná scaoil leis riamh,’ arsa an ghé, ‘nó titfidh tú agus ní bheidh muid ábalta tú a shábháil. Tá cuma an-trom ort agus an bhlaosc sin ort.’

‘Cinnte, cinnte, ar ndóigh,’ arsa Turtar, bhí sé chomh tógtha sin gur bhain sin a aird de gach rud. Agus é ag smaoineamh air féin ag eitilt leis na géanna bhí sé róghnóthach le haon aird a thabhairt ar aon cheann de na rabhaidh. Bhí sé gnóthach ag smaoineamh fosta faoi cé chomh héadmhar agus a bheadh a chairde nuair a d’fheicfeadh siad é ag eitilt go hard sa spéir os a gcionn.

Agus mar sin, rug giall Thurtair go teann ar an bhata a bhí idir an dá ghé, agus d’éirigh siad in airde ag déanamh fuaim huis agus iad ag bualadh a sciatháin chumhachtacha. Níor eitil Turtar riamh roimhe seo, agus bhí iontas air faoin iliomad radharc a bhí thíos faoi i ngach treo de réir mar a d’eitil na géanna níos airde sa spéir gheal ghorm; ceannbhrat álainn na dufaire, na haibhneacha lúbacha.

Agus Turtar ag amharc ar gach rud, chruthaigh sé dó nach bhfaca sé ach méid róbheag den domhan roimhe seo. Ach na radhairc iontacha a bhí thart air ní dhearna siad níos umhaile é, agus níor bhain sé sult astu ná as an eitilt, níor mhian leis ach a bheith ag scairteach ar na hainmhithe thíos. Ba mhian leis a bheith ag déanamh gaisce agus mórtais faoi na rudaí a bhí sé ábalta a fheiceáil. Agus ba mhian leis a bheith ag scairteach go háirithe ar na turtair go léir thíos a dúirt nach mbeadh sé ábalta eitilt go deo.

Agus sin an uair a d’oscail sé a bhéal.

An cuimhin leat go ndúirt mé nach i gcónaí a bhíonn scéalta béaloidis ná síscéalta cineálta?

Bhuel anois feiceann tú an fáth. Ag deireadh ár scéil tá Turtar ag titim ach ní fheiceann muid ag teacht go talamh é. An mbuaileann sé an talamh? Ba chóir go mbuailfeadh sé. Sin mar a oibríonn na rudaí seo. Agus má bhuaileann ... bhuel tá ceacht le baint as an scéal seo. An dtig leat an ceacht a thomhas?

Ach is scéal béaloidis agus síscéal é seo – tarlaíonn rudaí aisteacha iontu, rudaí nach dtarlaíonn sa domhan s’againne, labhraíonn ainmhithe agus déanann siad rudaí atá a fhios acu nár chóir dóibh a dhéanamh. Mar sin de, ar mhaithe leis an scéal seo, seans nach mbuaileann Turtar an talamh. Agus sa chás sin, má tá Turtar ag titim go deo, nach gciallaíonn sin sa deireadh go bhfuil sé ag eitilt?

Enjoyed this story?
Find out more here