KidsOut World Stories

Bainis an Bhanphrionsa (Cúige Uladh) Farida Salifu    
Previous page
Next page

Bainis an Bhanphrionsa (Cúige Uladh)

A free resource from

Begin reading

This story is available in:

 

 

 

 

COGG logo

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

 

 

 

Bainis an Bhanphrionsa

(Cúige Uladh)

Scéal Acan

 

the princess

 

 

 

 

 

*

Bhí áthas ar mhuintir an tsráidbhaile sa treibh Asante in Kumasi nuair a tháinig siad le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar phósadh an Bhanphrionsa Chorónaigh. Bhí an Banphrionsa Yaa réidh le pósadh ar phrionsa as sráidbhaile in aice láimhe agus bhí sí iontach tógtha.

D’fhás an Prionsa agus an Banphrionsa aníos le chéile agus chuir siad aithne ar a chéile ag a lán searmanais áitiúla agus náisiúnta. Le linn na míonna fada a chaith siad ag dul amach le chéile, ghoid siad roinnt am luachmhar le bheith le chéile leo féin. Bhí an Banphrionsa ag fanacht a saol ar fad lena leithéid de lá a theacht; bainis mhór ina mbeadh gach duine ag amharc uirthi.

Chun ullmhú don chéiliúradh ar an chéad oíche, chuir na cailíní aimsire seodra álainn óir agus coirníní ar an bhanphrionsa, agus tharraing siad pictiúir fhíneálta ar a craiceann. ‘A Bhanphrionsa,’ a d’impigh duine de na cailíní aimsire, ‘inis dúinn faoi cad é mar a mhothaíonn tú faoin fhear a phósfaidh tú.’

D’fhreagair an Banphrionsa i nglór lom. ‘Is fear deas é, tá sé leadránach, ach dílis. Beidh sé ina fhear chéile mhaith. Dá mbeadh mo rogha agam phósfainn duine éigin a bhí níos sásta dul sa seans, atá níos contúirtí; duine éigin a bhfuil níos mó maoine aige agus a bhfuil cuma níos fearr air. Ach cá bhfios,’ arsa an Banphrionsa agus drochgháire ar a béal, ‘Seans go dtitfidh mé i ngrá le m’fhear céile bocht lá éigin. Díreach anois tá mé sásta glacadh leis mar go tabharfaidh sé aire dom. Is trua nach mbeidh sé ábalta mo mhianta saolta a shásamh mar nach bhfuil an teaghlach s’aige chomh saibhir leis an teaghlach s’agam.’

Chuir an cailín aimsire is óige ceist, ‘A Bhanphrionsa, cad a dhéanfaidh tú gan do chuid óir, do choirníní agus do chlocha lómhara?’

Rinne an Banphrionsa scig-gháire agus d’fhreagair, ‘Gheobhaidh mé fear saibhir a bhfuil nóisean aige dom sa chathair. Ina dhiaidh sin is uile, níl ach méid áirithe de shaol leadránach a thig le cailín álainn cosúil liomsa cur suas leis.’

Thosaigh na cailíní aimsire go léir ag gáire mar go raibh a fhios acu go raibh an Banphrionsa s’acu iontach dána agus is cinnte go ndéanfadh sí an rud a dúirt sí a dhéanfadh sí i ngan fhios dá fear céile bocht.

Agus, mar sin, bhí maidin na bainise ann sa deireadh. Bhí an Banphrionsa rud beag trína chéile mar gheall ar chomhrá a bhí aici lena tuismitheoirí an oíche roimhe sin. D’iarr an Banphrionsa ar a hathair le tacaíocht airgid a thabhairt don fhear óg chun go mbeadh sé ábalta níos mó seodra agus rudaí saolta a cheannach don Bhanphrionsa. Dhiúltaigh a hathair, dheimhnigh sé dá hiníon nárbh é an saibhreas an rud is tábhachtaí ar domhan.

Smaoinigh an Banphrionsa go raibh a hathair iontach bómánta agus sprionlaithe. ‘Ina dhiaidh sin is uile,’ a dúirt sí, ‘tá seisean go breá, tá sé saibhir cheana féin. Cad fúmsa?’

D’amharc an Banphrionsa ar an scáthán agus chonaic sí a colainn álainn agus an seodra is breatha uirthi. Ansin d’amharc sí thart ar a seomra fíorghalánta agus é lán le héadaí síoda agus troscán daor. Thuig sí sa deireadh go mbeadh uirthi na rudaí saibhre seo go léir a fhágáil ina diaidh. Bhí sí ag pósadh ar fhear nach raibh bocht, ach ní raibh sé róshaibhir, agus bhí sise cleachta le saol saibhir agus ní bheadh sé ábalta an saol sin a chur ar fáil di. ‘Tá fear saibhir de dhíth orm a thiocfaidh agus a shábhálfaidh mé ón saol leadránach atá romham,’ a smaoinigh an Banphrionsa santach.

Tháinig muintir an tsráidbhaile le chéile le hamharc ar phósadh a mBanphrionsa dhil. Bhí roinnt díobh sásta mar go raibh a fhios acu go raibh an Rí agus an Bhanríon ag déanamh cinnte go raibh cúis mhaith ag an Bhanphrionsa le pósadh agus nach ar mhaithe le saibhreas amháin a bhí sí ag pósadh. Bhí roinnt eile díobh nach raibh chomh sásta mar gur shíl siad gur chóir don Bhanphrionsa fear tábhachtach saibhir a phósadh, fear a tharraingeodh cáil ar a sráidbhaile agus a chuirfeadh iad i mbéal an phobail go hidirnáisiúnta.

Bhí ciúnas ann agus an slua ag fanacht mar a thosaigh an Banphrionsa álainn a shiúl suas chun na haltóra i dtreo an fhir a bhí sí le pósadh. Ansin chuir fuaimeanna capall deireadh leis an chiúnas. D’amharc muintir go léir an tsráidbhaile i dtreo na gcapall a bhí ag teacht mar a stop siad os comhair an tsearmanais phósta. Bhí fear óg dóighiúil ina shuí ar an chapall tosaigh. Bhí seoda lonracha air agus bhí na héadaí is fearr air. Bhí a bhróga déanta d’fhíorshíoda, agus bhí a sheaicéad déanta de veilbhit shaibhir a raibh diamaint agus rúibíní lómhara uirthi.

Shiúil an strainséir a fhad leis an tslua agus chuir sé é féin in aithne dóibh mar an prionsa a tháinig ó shráidbhaile i bhfad uathu. ‘Tá mé anseo le hiarraidh ar an Bhanphrionsa mé a phósadh,’ arsa an strainséir dóighiúil. ‘Tá mé ag taisteal le dhá lá agus dhá oíche chun an áit seo a bhaint amach sula bpósfaidh sí fear eile.’

Ghlac an Rí céim chun tosaigh agus d’amharc sé go grinn ar an strainséir. ‘Tá mé cinnte gur tú an duine a deir tú gur tú, a fhir óig, ach ní thig liom ligean do m’iníon strainséir iomlán a phósadh. Tá sí geallta do dhuine eile agus tá sí le pósadh inniu.’

Nuair a chonaic an Banphrionsa an strainséir agus na héadaí galánta a bhí air, d’fhiafraigh sí dá tuismitheoirí an mbeadh sí ábalta labhairt leo go príobháideach. Bhí muintir an tsráidbhaile fágtha le machnamh a dhéanamh ar cad a tharlódh. Ní raibh a fhios ag aon duine cén chríoch a bheadh leis. Sa deireadh, d’fhill an Banphrionsa, an Rí agus an Bhanríon. Go drogallach d’fhógair an Rí go raibh sé ar intinn ag an Bhanphrionsa an strainséir dóighiúil a phósadh in áit an fear céile a roghnaigh siadsan di. Rinne seanóirí an tsráidbhaile gearán láithreach bonn in aghaidh a leithéid de ghníomh. Luaigh an Rí a chúiseanna imní féin agus dhearbhaigh sé go mbeadh torthaí ag cinneadh a hiníne. ‘Má athraíonn m’iníon a hintinn agus má phósann sí an fear a roghnaigh muid di,” arsa an Rí, ‘ansin déanfaidh sí é le mo bheannacht agus le beannacht an tsráidbhaile go léir. Ach má tá sí ceanndána, agus má roghnaíonn sí go bpósfaidh sí an strainséir seo nach bhfuil aon eolas againn air, ansin díbreoidh muid í ónár riocht agus beidh uirthi a saibhreas féin a dhéanamh.’

Bhí an Bhanríon iontach trína chéile agus d’impigh sí ar a hiníon pósadh ar an fhear a roghnaigh siad di. Ach bhí a hintinn déanta suas ag an Bhanphrionsa agus bhí rún daingean aici an strainséir dóighiúil a phósadh. Creid sí gur cinnte go raibh sé ina phrionsa shaibhir as tír i bhfad ar shiúl.

Agus, mar sin, phós an sagart an Banphrionsa agus an strainséir dóighiúil. Searmanas brónach a bhí ann gan beannacht an Rí ná seanóirí an tsráidbhaile.

I ndiaidh an tsearmanais ní raibh an Rí ag caint lena hiníon níos mó, agus d’ordaigh sé nach rachadh go himeall na ríochta leis an bhanphrionsa agus lena fear céile nua ach cailíní aimsire dílse an Bhanphrionsa. Le linn an turais ghruama seo ón tsráidbhaile thosaigh cailíní aimsire an Bhanphrionsa ag rá amhráin i gcór guthanna boga ...

Bealach fada faoi choinne bainise ní rachaidh mé,

Bealach fada faoi choinne bainise ní rachaidh mé,

Ach guíonn muid gach rath ort, ag fágáil an bhaile agus an teaghlaigh faoi choinne saol i bhfad ar shiúl le strainséir nach bhfuil aithne ag aon duine air,

Bealach fada le haghaidh bainise ní rachaidh mé

Agus an mórshiúl ag teacht go himeall na ríochta, chroith an Banphrionsa slán lena cailíní aimsire. Ansin chuaigh sí féin agus a fear céile nua trasna na habhann ar muin capaill agus searbhóntaí a fhir chéile ina ndiaidh, agus thosaigh siad ar a dturas i ndáiríre.

I ndiaidh dóibh a bheith ag taisteal le huaireanta fada, d’éirigh an Banphrionsa tuirseach agus ocrach. ‘A ghrá, an dtig linn scíth a ligean chun go mbeidh do shearbhóntaí ábalta roinnt uisce a thabhairt dom?’

‘Cá bhfuil na searbhóntaí?’ arsa an Prionsa i nguth garbh.

D’amharc an Banphrionsa thart timpeall uirthi agus chonaic sí nach raibh na searbhóntaí ann níos mó. Ní raibh ann ach an bheirt acu, agus iad ag marcaíocht leo féin.

‘Ná bí buartha,’ arsa an Prionsa, ‘tá muid beagnach sa bhaile.’

Bhí ocras agus tuirse ar an Bhanphrionsa agus ní raibh sí cleachta le bheith ag taisteal gan searbhóntaí, ach lean sí ar aghaidh ar an turas lena fear céile nua agus roimh i bhfad chonaic sí go raibh sí ag marcaíocht isteach i bhforaois crainn arda. Bhí an fhoraois fuar, dorcha agus bhí droch-chuma ar an áit, agus ní raibh an ghrian ábalta teacht tríd an cheannbhrat tiubh.

‘Amharc ansin!’ arsa an Prionsa. ‘Tá muid sa bhaile sa deireadh.’

Ach ní raibh ach crainn le feiceáil i ngach áit timpeall orthu agus bhí an Banphrionsa iontach trína chéile. ‘Ní thig liom a dhath a fheiceáil, a ghrá.’

Agus a fear céile nua ag tuirlingt dá chapall, rinne sé gáire mailíseach. ‘Tá sé ait nár fhiafraigh tú díom fiú cad é an t-ainm a bhí orm, ach d’aontaigh tú mé a phósadh. Cé a phósann fear nuair nach bhfuil aon eolas acu air?’

Rinne an Banphrionsa iarracht fanacht suaimhneach cé go raibh sí ag éirí níos neirbhisí agus níos neirbhísí i rith an ama. ‘A ghrá, bhí a fhios agam gur tú an fear dom ón bhomaite a chonaic mé thú.’

‘Is dóigh liom gur mhian leat mé a phósadh mar gheall ar an chuma atá orm - m’aghaidh, mo cholainn agus mo shaibhreas. Bhí cúiseanna folmha agat le pósadh, ní raibh tú i ngrá!’

Bhí an chaint bainte den Bhanphrionsa agus lean a fear céile nua ar aghaidh á maslú go fonóideach agus ag tabhairt léacht di. ‘Ní mise an fear is dóigh leat is mé, a Bhanphrionsa. Is é fírinne an scéil nach fear mé ar chor ar bith. Mac Tíre an t-ainm atá orm, agus nuair a éireoidh an ghealach lán tiontóidh mé ar ais i mo mhac tíre agus tiontóidh tusa liom. Beidh muid inár gcónaí le chéile san fhoraois seo, agus sinn inár scroblachóirí bochta. An dtuigeann tú, a Bhanphrionsa, ní théann áilleacht thar an chraiceann. Ba chiallmhaire duit éisteacht le do tuismitheoirí agus le seanóirí an tsráidbhaile a bhfuil níos mó taithí acu ná atá agat. Bíonn do shúile i gcónaí ag cuardach rud éigin níos fearr, agus ní bhíonn tú sásta in am ar bith leis an eolas atá agat ná leis na rudaí atá agat. Sin an fáth a bhfuil tú anseo liom. Seo do chinniúint.

Chaith an Banphrionsa an oíche ar fad ag caoineadh. Bhí mallacht uirthi go mbeadh uirthi a saol a chaitheamh san fhoraois seo mar scroblachóir bocht. Bhí mallacht uirthi go dtiontódh sí ina mac tíre gach uair a d’éireodh gealach lán. Ní fheicfeadh sí a ríocht ná a teaghlach arís; agus tharraing sí seo go léir uirthi féin mar go raibh sí santach agus nár thug sí aird ar bith dá tuismitheoirí ná do sheanóirí an tsráidbhaile.

Enjoyed this story?
Find out more here