KidsOut World Stories

Scéal Leathchirce (Cúige Uladh) Charlotte Scott    
Previous page
Next page

Scéal Leathchirce (Cúige Uladh)

A free resource from

Begin reading

This story is available in:

 

 

 

 

COGG logo

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

 

 

 

Scéal Leathchirce

(Cúige Uladh)

Scéal Spáinneach

 

One white chick with only one eye in a wallpaper image of yellow chicks

 

  

 

*

Ar pháirceanna droimneacha La Campiña, áit atá iontach cóngarach do chathair álainn Seville, bhí cearc ramhar rua ann fadó agus bhí sí ina cónaí ar eastát mór a bhí lán de gharráin olóige agus d’fhionghoirt.

Lá amháin agus an ghrian ag éirí sa spéir gheal ghorm, mhúscail a fear céile - an coileach - í mar ba ghnáth agus é ag glaoch go gear. Faoina cleití, mhothaigh an chearc rua tochas a d’aithin sí. Is ansin go díreach a chonaic sí gur tháinig éin óga bhuí áille amach as sé cinn de na uibheacha donna a bhí fúithi. Ach bhí éan óg eile ann. An ceann deireanach a tháinig amach, agus bhí sé an-éagsúil leis na cinn eile. Tháinig sé amach le leathshúil, leathchos agus leathsciathán, agus dá bhrí sin, shocraigh a mháthair an t-ainm Leathchearc a thabhairt air. Agus bhí a mháthair níos cúramaí leisean ná leis na cinn eile mar go raibh sé éagsúil, agus thug sí níos mó aire dó agus rinne sí cinnte i gcónaí go raibh sé slán agus sásta.

Mar gheall ar aire a mháthar, d’fhás Leathchearc suas le bheith cineál millte agus shíl sé go raibh sé níos mó agus níos fearr ná a dhearthaireacha agus a dheirfiúracha. Cé go ndearna siad iarracht súgradh leis agus é a tharraingt isteach ina gcluichí go léir, shíl Leathchearc nach raibh siad maith go leor dó ar chor ar bith. I ndeireadh na dála, bhí seisean speisialta.

Agus Leathchearc ag éirí níos sine, thosaigh sé ag smaoineamh nach raibh bothán beag simplí faoin tuath maith go leor ag a leithéid, agus shocraigh sé go rachadh sé chuig an chathair. Bhí imní ar a mháthair ó mhaidin go hoíche. Bhí sí cinnte go ndéanfadh muintir na cathrach magadh faoina mac dil mar go raibh sé chomh héagsúil leis na coiligh eile, mar sin de, rinne sí iarracht a chur ina luí ar Leathchearc gur chóir dó fanacht sa bhaile, áit ar thug a theaghlach grá agus aire dó.

‘Tá mé buartha gur tusa an ubh dheireanach a rug mé,’ ar sise lá amháin, ‘agus ba bhreá liom a bheith ábalta an leath eile de do chorp a thabhairt ar ais duit chun tú a dhéanamh iomlán, ach níor chóir duit dul chuig an chathair, áit nach bhfuil cairde ná teaghlaigh agat chun aire a thabhairt duit. Ba chóir duit fanacht anseo in áit do bhreithe.’

Ach níor éist Leathchearc le hachainíocha a mháthar. Bhí sé cinnte go bhfaigheadh sé clú agus saibhreas sa chathair agus nach raibh aon ghá aige lena theaghlach bhómánta faoin tuath.

Agus mar sin d’imigh sé leis chuig an chathair ar lorg an pháláis ríoga chun go mbeadh sé ábalta bualadh leis an rí agus leis an bhanríon. ‘Is cinnte,’ arsa an coileach beag bródúil leis féin, ‘ is rí agus banríon an t-aon comhluadar atá oiriúnach do mo leithéid.’

Ar an mhaidin a d’imigh sé, thug máthair Leathchirce rabhadh dó gur chóir dó a bheith cineálta i gcónaí le cách. Thug sí rabhadh dó fosta gan labhairt le cócairí riamh mar gurbh iad sin na naimhde is mó a bhí ag coiligh!

Bhí an lá te agus marbhánta, agus obair chrua a bhí ann ag preabadh ar leathchos ar lánaí na tuaithe míle i ndiaidh míle. Agus mar sin de, go mall ar an chéad tráthnóna sin, stad Leathchearc chun deoch uisce fuar a ól ag sruth beag. Nuair a chrom sé le hól, labhair an sruth leis i gcogar:

‘A chara, tá mé chomh lag sin nach dtig liom na cipíní seo a bhogadh as mo bhealach, agus níl an chumhacht agam le dul thart orthu. An dtig leat cuidiú liom le do thoil? An dtig leat do ghob láidir a úsáid chun iad a bhogadh ar mo shon chun go dtig liom leanúint ag sruthú?’

Bhí an coileach sotalach agus dúirt: ‘Cad chuige ar chóir dom cuidiú leat nuair nach bhfuil aon tábhacht leat? Anois déan do ghnó féin agus ná bí ag cur isteach orm níos mó.’

‘Lá éigin beidh aithreachas ort faoi d’easpa carthanachta,’ arsa an sruth, bhí a ghlór lán d’fhearg agus de dhiomá.

Lean Leathchearc air ar a thuras chuig an chathair go dtí gur tháinig sé ar leoithne a bhí ina luí ar an fhéar ghairid in aice leis an lána agus bhí sí ag fáil bháis. Agus anáil na leoithne ag séideadh go lag chuir sí cuaifigh dheannaigh suas ón lána.

‘Cuidigh liom éirí, le do thoil,’ arsa an leoithne i gcogar. ‘De ghnáth is gaoth láidir mé agus bogaim tonnta agus lúbaim géaga crainn, ach tá mé traochta ag an teas millteanach seo. An dtig leat mé a phiocadh suas le do ghob agus mé a chaitheamh suas san aer chun go mbeidh mé ábalta séideadh go láidir arís?’

D’fhreagair an coileach: ‘bhí fadhb agam leat i gcónaí, a ghaoth. Ní dhéanann tú ach mo chuid cleití a chorraí agus mise a dhéanamh míshocair ar mo leathchos, mar sin, ní thig, ní chuideoidh mé leat.’

Bhí an ghaoth thréan ina leoithne anois, ach bhí fearg uirthi fós leis an choileach leithleach. ‘Lá éigin beidh aithreachas ort nach ndearna tú an rud beag seo le cuidiú liom,’ ar sise i gcogar. ‘Lá éigin íocfaidh tú go daor as do leithleachas.’

Chroith an coileach óg a ghualainn agus phreab sé suas an lána. D’fhág sé an leoithne le dul as léi féin.

I ndiaidh lá fada ar an bhóthar, tháinig Leathchearc ar thine a bhí ag dul in éag i ngort féir. Bhog sé níos cóngaraí don tine bheag agus chuala sé glór lag ag teacht ó na haibhleoga dearga. ‘Is mian liom a bheith saor le héirí go láidir isteach sa spéir; cuir roinnt féar tirim orm le do thoil chun go mbeidh mé ábalta a bheith i mo bhladhaire mhór arís. Bíodh trua agat dom, le do thoil.’

Ar feadh bomaite bhí cuma ar Leathchearc go raibh sé ag smaoineamh ar an rud a d’iarr an tine, ach ansin d’fhreagair sé ina ghlór uaibhreach: ‘Is mó ná oibrí feirme mé a bhailíonn féar ar son do leithéide. Anois múch tú féin! Tá i bhfad níos mó rudaí tábhachtacha le déanamh agam le mo chuid ama.’

‘Lá éigin seans go mbeidh mo chuidiú a dhíth ort,’ arsa an bladhaire beag, ‘ach cuimhneoidh mé cé chomh míchineálta agus a bhí tú. Tugaim rabhadh duit; tá tú leithleach agus sin an rud a dhéanfaidh d’aimhleas.’

D’éirigh Leathchearc chomh feargach sin gur bhagair bladhaire chomh beag sin air gur léim sé suas agus síos ar an fhéar thirim go dtí go ndeachaigh na haibhleoga dearga deireanacha in éag agus nach raibh fágtha faoina chos ach luaithreach marbh.

‘Múinfidh sin duit le labhairt liomsa ina leithéid de shlí,’ arsa an coileach bródúil leis féin agus é ag preabadh ionsar an chathair le bualadh leis an rí agus leis an bhanríon.

Bhain Leathchearc cathair Mhaidrid amach sa deireadh maidin lá arna mhárach. Phreab sé go dalba suas chuig na geataí tosaigh agus é ag súil go mbeadh an rí agus an bhanríon ann chun fáilte a chur roimhe. Ina áit sin, chonaic sé grúpa saighdiúirí ar garda ag an phálás.

‘Cé atá ansin?’ a bhéic duine de na saighdiúirí. ‘Níl cead ag coiligh dul níos faide ná seo!’

Cé gur chuir na saighdiúirí eagla ar Leathchearc, bhí sé tiomanta nach mbeadh an lámh in uachtar acu air. Phreab sé timpeall go dtí an taobh eile den phálás agus bhrúigh sé a chorp tanaí isteach trí scoilt i ndoras a bhí i bhfolach. Chomh luath agus a bhí sé sa phálás, phreab sé síos staighre isteach i seomra mór a bhí lán de phlátaí áille copair agus de bhabhlaí a raibh cuma órga orthu faoi sholas drithleach tine. I lár an tseomra chonaic sé fear agus bean; bhí siad mór agus bhí coróineacha bána ar a gceann.

‘Sa deireadh,’ arsa Leathchearc leis féin, ‘caithfidh gurb iad seo an rí agus an bhanríon!’

Ach sula raibh seans ag an choileach óg bhródúil umhlú agus é féin a chur in aithne, chrom an rí agus rug sé greim ar a scornach. ‘Cé hé seo a tháinig isteach i mo chistin faoi choim,’ arsa an rí go hard agus phrioc sé Leathchearc sa chliabhrach lena mhéar fhada. ‘Beidh sé ina bhéile rósta bhreá don rí agus don bhanríon fiú má tá sé rud beag tanaí!’

Is ansin a thuig Leathchearc an botún a rinne sé. Níorbh é seo an rí, ba chócaire e – an namhaid is measa den iomlán díobh!

Scairt an cócaire: ‘Faigh sáspan uisce te agus ullmhaigh chun na cleití a bhaint den éan bheag shleamhain seo!’

D’impigh Leathchearc ar an uisce sa sáspan. ‘A chara, ná scall mé le do thoil!’

Ach bhí an t-uisce ag boilgearnach agus fearg air. D’fhreagair sé: ‘An raibh trua agat dom nuair a d’iarr mé ort na cipíní a bhogadh dom nuair nach raibh ionam ach sruth lag? Ní raibh agus níor bhog. Agus ní chuideoidh mé leat anois.’

Agus mar sin chuir searbhónta Leathchearc isteach san uisce te agus bhain sé na cleití go léir dá chraiceann. Nuair a bhí seo déanta, chuir an cócaire an coileach óg ar thráidire bácála réidh le róstadh. Chomh luath agus a bhí sé san oigheann, d’impigh Leathchearc ar na bladhairí:

‘Ná cócaráil mé le do thoil!’ a scairt sé. Ach is é an t-aon rud a tharla gur éirigh an bladhaire níos mó san oigheann.

‘Nach cuimhin leat an dóigh ar mhúch tú m’aibhleoga dearga le do chos go dtí nach raibh ionam ach luaithreach?’ a d’fhreagair an bladhaire feargach. ‘Anois seo mo sheal.’

Agus díreach ansin d’éirigh an bladhaire feargach níos mó arís agus níos teo agus chócaráil sé Leathchearc go dtí nach raibh fágtha ach cruth dubh dóite.

Nuair a d’oscail an cócaire doras an oighinn agus nuair a fuair sé coileach dubh dóite, bhí a fhios aige go mbeadh fearg ar an rí, agus mar sin, chaith sé an coileach amach ar an fhuinneog. Ansin rug an ghaoth láidir greim ar Leathchearc agus d’iompair sí suas go hard san aer é.

‘Nár fhulaing mé go leor cheana féin!’ a scairt an coileach dubh dóite. ‘Lig síos mé le do thoil chun go mbeidh mé ábalta dul ar ais chuig mo theaghlach!’

Ach d’fhreagair an ghaoth: ‘Cé a d’fhág mé le bás a fháil ar an bhóthar the agus nach dtógfadh síob dom ina ghob? An bhfuil do chuimhne chomh gairid sin?’

Ní raibh aon chosaint ag an choileach anois agus d’iompair an ghaoth é suas go hard i dtreo dhíon an pháláis. Agus is ansin a d’fhág sí é sáite ar an túirín is airde mar a bheadh coileach gaoithe ann.

Ar feadh an chuid eile dá shaol, d’íoc Leathchearc go daor as a dhearcadh leithleach. D’fhan sé ar bharr an túirín. Bhí sé gafa agus leis féin. Agus bhí sé i gcónaí gan chosaint ar an ghaoth agus ar an fhearthainn agus ar an ghrian scalltach. Bhí sé de shíor ag tiontú timpeall agus timpeall agus timpeall.

Enjoyed this story?
Find out more here