KidsOut World Stories

Anraith Cloiche    
Previous page
Next page

Anraith Cloiche

A free resource from

Begin reading

This story is available in:

 

 

 

COGG logoCEA logo

 

 

 

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

 

 

 

Anraith Cloiche

a pot of soup

 

 

 

 

 

 

 

Fadó, fadó i sráidbhaile nach raibh i bhfad ó shruthán, bhí saighdiúir dea-chroíoch ag siúl go mall síos bóthar a bhí clúdaithe le dusta. Bhí sé ag siúl go malltriallach mar chaith sé an lá ar fad ag siúl. Ní raibh rud ar bith ab fhearr leis ná béile deas te a ithe. Agus é ag teacht a fhad le seanteach beag ar thaobh an bhóthair, dar leis, 'Caithfidh sé go bhfuil bia sa bhreis ag an duine a chónaíonn anseo chun roinnt le taistealaí ocrach mar mise; sílim go rachaidh mé chun ceist a chur.'

Agus shiúil an saighdiúir suas an cosán duirleogach chuig an doras adhmaid, thart le gairdín a bhí lán le cabáistí, prátaí, oinniúin agus meacain dhearga. A luaithe agus a bhain sé tús an tí amach, thóg sé a lámh chun cnag a bhualadh nuair a d’oscail an doras go tobann. Bhí seanfhear ina sheasamh ar an taobh eile. Bhí a lámha ar a chromáin aige agus bhí grainc air.

'Cad atá ag teastáil uait?' arsa an seanfhear, go drochbhéasach. Ach rinne an saighdiúir miongháire leis.

'Dia duit. Is saighdiúir mé as sráidbhaile nach bhfuil i bhfad ón áit seo. Tháinig mé chugat le fail amach an bhfuil bia ar bith agat a thiocfadh leat a spáráil.'

D’fhéach an seanfhear ar an saighdiúir ó bhun go barr agus thug sé freagra giorraisc air. 'Níl, go deimhin. Imigh leat.'

Níor chuir seo drochmhisneach ar an saighdiúir—rinne sé miongháire eile agus chlaon sé a cheann. 'Tuigim. Níl ann ach go bhfuil mé ag fiafraí sa tslí is go mbeidh comhábhair eile agam do m’anraith cloiche, ach is dócha go mbeidh orm an t-anraith a ól gan aon rud eile leis. Ach beidh sé so-bhlasta go leor!'

D’ardaigh an seanfhear a mhalaí agus neart iontais air.

'Anraith cloiche?' a d’fhiafraigh sé.

'Sea, a dhuine uasail,' a d’fhreagair an saighdiúir, 'anois mura miste leat …'

Shiúil an saighdiúir go dtí lár an chosáin agus tharraing sé coire iarainn amach as a chuid málaí. Nuair a líon sé é le huisce thosaigh sé ag cur síos tine faoi. Ansin go sollúnta, bhain sé cloch cosúil le gnáthchloch amach as mála síoda agus lig sé don chloch titim go deas réidh isteach san uisce.

Bhí an seanfhear ag breathnú air seo óna fhuinneog, agus a sháith iontais air.

'Anraith cloiche?' a d’fhiafraigh sé de féin. 'Is cinnte nach bhfuil a leithéid de rud ann.'

Agus tar éis dó tamall a chaitheamh ag féachaint ar an saighdiúir ag corraí an uisce le bata beag, shiúil an seanfhear amach agus ar seisean leis an saighdiúir, 'Cad atá á dhéanamh agat?'

Bholaigh an saighdiúir den ghal a bhí ag teacht amach as a phota agus ligh sé a liopaí agus é ar bís, 'M’anam, níl rud ar bith is fearr liomsa ná blaiseadh so-bhlasta d’anraith cloiche.' Ansin d’fhéach sé suas ar an seanfhear, agus é ag rá, 'Ar ndóigh, is deacair an lámh in uachtar a fháil ar anraith cloiche le gráinnín salainn agus piobair ann.'

Go drogallach, chuaigh an seanfhear isteach sa teach agus d’fhill sé le salann agus piobar agus thug sé iad go mall don saighdiúir.

'Foirfe!' arsa an saighdiúir agus chroith sé iad isteach sa phota. Chorraigh sé é uair amháin eile sular fhéach sé anonn arís ar an seanfhear, 'An bhfuil a fhios agat, bhlais mise anraith cloiche a bhí an-mhaith mar go raibh cabáiste ann.'

Ansin chuaigh an seanfhear chuig a chuid cabáistí agus bhain sé an cabáiste ab aibí agus thug sé é don saighdiúir.

'Ó, an-mhaith ar fad!' arsa an saighdiúir agus é ag gearradh an chabáiste ina phíosaí sular chuir sé é isteach sa phota.

Bhain sé boladh domhain as an bpota agus ar seisean leis an seanfhear, 'An bhfuil a fhios agat, bheadh an t-anraith seo oiriúnach do rí ach cúpla meacan dearg a bheith ann.'

Dúirt an seanfhear go smaointeach, 'Sílim gur féidir liom cúpla meacan dearg a fháil,' agus chuaigh sé anonn chuig a mheacain dhearga agus bhain sé lán doirn díobh.

Bhí lúcháir ar an saighdiúir nuair a tugadh na meacain dhearga dó; ghearr sé ina bpíosaí iad agus chorraigh sé an pota arís eile.

Agus ar aghaidh leo mar sin. Tháinig lúcháir ar an seanfhear nuair a fuair sé an boladh ón bpota mar thug sé oinniúin, prátaí, mairteoil agus a leithéid eile don saighdiúir. Chuir an saighdiúir rudaí eile, mar shampla, beacáin agus eorna a bhí ina mhála, isteach sa phota go dtí gur fhógair sé go raibh an t-anraith réidh.

Rinne an seanfhear miongháire leis an saighdiúir nuair a thairg sé an leathchuid den anraith dó.

'Cén fáth nach dtagann tú isteach? Tá arán úr a cheannaigh mé sa bhácús ar maidin agam agus bheadh sé go hálainn leis an anraith cloiche,' ar seisean go cineálta.

Agus mar sin de, roinn an seanfhear agus an saighdiuir béile an-bhlasta le chéile. Bhain an saighdiúir cartán bainne amach as a mhála agus roinn siad sin eatarthu féin fosta. D’aontaigh an seanfhear leis an saighdiuir go raibh an t-anraith níos deise ná rud ar bith eile a bhlais sé riamh roimhe.

Níor thuig an seanfhear an fhírinne go dtí gur thug an saighdiúir an mála síoda ina raibh an chloch dó. Níorbh í an chloch a chruthaigh an t-anraith álainn. Ina ionad sin, bhí sé féin agus an saighdiúir in ann béile breá a chruthú agus iad ag obair go fial flaithiúil le chéile agus ansin bhí siad in ann an béile a roinnt eatarthu féin.

Enjoyed this story?
Find out more here