KidsOut World Stories

An Áilleacht sa Difríocht    
Previous page
Next page

An Áilleacht sa Difríocht

A free resource from

Begin reading

This story is available in:

 

 

 

COGG logo

 

CCEA Logo

 

 

 

 

 

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

 

 

 

An Áilleacht sa Difríocht

Scéal Iaránach

 

 

 

 

 

 

Bhí Shirin ina cailín óg go fóill nuair a chuir a tuismitheoirí í óna baile in Tehran le cónaí i mBaile Átha Cliath in Éirinn.

Níor thaitin sé le Shirin bheith ag cuimhneamh go mbeadh sí ag dul a chónaí lena col ceathracha in Éirinn, ach dúirt a máthair léi, “Is fearr seo, a leanbh. Níl sé sábháilte a thuilleadh anseo agus beidh saol nua aoibhinn agat in Éirinn agus déanfaidh tú cairdeas nua den uile chineál.”

Bhí fonn caointe ar Shirin bheag mar bhí grá mór aici dá máthair agus dá hathair agus ní raibh sí ag iarraidh imeacht uathu. Lena chois sin, ní raibh aithne aici ar a col ceathracha ar chor ar bith. Níor thug siad ach cuairt amháin ar Tehran, agus bhí Shirin róbheag lena gcuid cainte a thuiscint mar nach raibh Fairsis acu, rud a bhí an-aisteach ar fad, dar le Shirin.

Sa deireadh tháinig an lá agus thiomáin a máthair agus a hathair Shirin chuig an aerfort. Bhí a haintín le dul isteach san eitleán léi.

“Tá eagla orm,” arsa Shirin, agus a hathair agus a máthair ag siúl léi chuig an mboth beag. Sa bhoth bhreathnaigh fear ar a pas agus sheiceáil sé a ticéad.

“Cén eagla a bheadh ort?” arsa a hathair. “ Nach tusa an cailín beag cróga nach raibh eagla uirthi riamh agus na buamaí ag titim ar an gcathair? Agus nach tusa an cailín ar ghnách léi dul ar scoil gach lá nuair a bhíodh eagla ar na cailíní beaga eile agus nuair a d’fhan siad sa bhaile lena dtuismitheoirí.”

“Sin scéal eile,” arsa Shirin. “Seo é mo bhaile dúchais.”

Chuaigh máthair Shirin ar a glúine ina aice leis an gcailín beag, thug sí barróg di, agus shlíoc sí a cuid gruaige. Dúirt sise lena hiníon: “Tá a fhios agam go gcuirfidh tú bród orainn, a leanbh. Agus ná bí thusa buartha, tiocfaidh mé féin agus d’athair go hÉirinn roimh i bhfad agus beidh tú in ann na rudaí uile atá le feiceáil i mBaile Átha Cliath a thaispeáint dúinn. Beidh seans agat teanga nua a fhoghlaim, labhraíonn siad Gaeilge in Éirinn. Is féidir leat Gaeilge a theagasc dom.”

Thaitin an cuimhneamh le Shirin go mbeadh sí ag teagasc teanga nua dá máthair mar shíl Shirin go raibh a máthair ar an duine ba chliste ar an domhan cláir.

“Sílim gurbh fhéidir liom sin a dhéanamh,” arsa an cailín beag. Ansin fuair a haintín greim ar a lámh agus mhínigh sí di go raibh an t-am ann le dul ar bord an eitleáin sula n-imeodh sé gan iad.

Agus í ar an eitilt fhada go hÉirinn, shamhlaigh Shirin an saol nua a bheadh aici. Bhí rún daingean aici go ndéanfadh sí go maith ar scoil agus dúirt sí léi féin go gcuirfeadh sí bród ar a tuismitheoirí.

“Is féidir liom seo a dhéanamh,” a shíl sí. “Is féidir liom seo a dhéanamh chomh furasta agus a bhainim bláthanna.” 

Ansin thit an cailín beag ina codladh agus rinne sí brionglóid faoin gcuma a bheadh ar Éirinn. Rinne sí brionglóid faoi phairceanna glasa agus faoi aibhneacha leathana. B’fhéidir go bhfeicfeadh sí leipreachán! 

Ach nuair a shroich Shirin an t-aerfort i mBaile Átha Cliath ní raibh Éire go díreach mar a shamhlaigh sí ar chor ar bith. Bhí dath liath uafásach ar an spéir agus bhí sé gaofar agus ag cur fearthainne. Bhí brón ar Shirin gur shocraigh sí a cuaráin a chaitheamh mar bhí méara a cos an-fhuar. Agus níos measa ná rud ar bith eile….níos measa arís mhothaigh sí go raibh gach duine ag breathnú uirthi; bhí cuma orthu gur shíl siad go raibh ceann mór agus trí shúil aici. 

Bhí iontas ar Shirin nuair a chonaic sí gurbh ise an t-aon duine amháin a raibh seádar uirthi. Bhí cailín ina seasamh in aice le Shirin. Dhírigh an cailín a méar, rinne sí gáire, agus d’fhiafraigh sí dá máthair: “Cad chuige a bhfuil sise ag caitheamh éadach mór casta thart uirthi mar sin?”

Tharraing an mháthair an cailín beag i leataobh agus dúirt sí léi gur dhímhúinte an mhaise di a méar a dhíriú ar dhuine. Ba mhaith le Shirin a rá leis an gcailín beag nach éadach mór a bhí ann, gur sheádar a bhí ann agus gur chaith a lán cailíní agus a máithreacha agus a máithreacha móra seádar in Tehran mar gur chuid dá gcultúr é.

Ar ndóigh, bhí fonn ar Shirin a seádar a bhaint di. Níor thaitin sé léi go raibh daoine ag stánadh uirthi sa tslí sin. Ba mhaith léi bheith ar ais in Tehran, áit a raibh an ghrian ag soilsiu agus áit a mbeadh méara a cos te arís.

“Téimis abhaile,” arsa a haintín agus dheifrigh sí an cailín beag isteach i dtacsaí mór.

Shíl Shirin go raibh blas an-ghreannmhar ar chaint an tiománaí tacsaí. Labhair sé agus labhair sé; ní raibh Shirin cinnte an raibh sé ag caint i mBéarla nó i nGaeilge. Bhí barúil aige faoi gach rud. Níor thuig Shirin bheag é, ach ar an dea-uair ba chosúil gur thuig a haintín agus níorbh fhada go raibh siad ag tiomáint ar nós na gaoithe tríd an gcathair chuig an mbaile nua a bheadh aici.

Ba mhaith le Shirin fiafraí dá haintín cad chuige nár chaith sí seádar in Éirinn cé gur chaith sí seádar i gcónaí agus í ar cuairt ag a máthair in Tehran.

“Caithfidh sé go bhfuil sí faoi bhréagriocht,” dar leis an gcailín beag. Ach chuimhnigh Shirin go ndúirt a máthair i gcónaí léi nach raibh gar ann bheith ag iarraidh an fhírinne fút féin a cheilt ar dhaoine eile, mar sin de, d’fhiafraigh Shirin di féin cad chuige ar roghnaigh a haintín bheith faoi bhréagriocht agus í in Éirinn.

Tharla gur áit an-aisteach go deimhin a bhí ann mar Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ag cur báistí gach lá an chéad seachtain agus níor shíl Shirin mórán den samhradh in Éirinn. Ba dheacair di an rud a bhí daoine a rá a thuiscint cé go ndúradh léi go raibh Bearla an-mhaith aici féin. Níor chuala sí daoine ag caint i nGaeilge ar na sráideanna ach chuala sí an teanga ar an teilifíseán. Agus ní fhaca sí leipreachán go fóill. Rinne daoine fásta gáire nuair a d’fhiafraigh sí cá bhfeicfeadh sí ceann.

Bhí díoma an domhain ar an gcailín óg faoina baile nua agus chronaigh sí a máthair agus a hathair agus a cairde. Bhí an bia fiú amháin difriúil: bhí sé liath mar a bhí an aimsir agus chonacthas do Shirin gur thainig sé amach as boscaí ón reoiteoir, níorbh ionann é agus loobia polo le cróch a rinne a máthair nó le tahadeeg briosc a bhí dathannach agus blasta le hithe.

Nuair a tháinig an lá a bhí Shirin le dul ar a scoil nua, bhí sí neirbhíseach agus rinne sí iarracht cur ina luí ar a haintín go raibh sí róthinn le héirí amach as an leaba.

“Nil mé ag iarraidh dul ann,” a mhaígh sí agus í ag gearán. “Níl aithne agam ar aon duine agus bíonn daoine ag stánadh orm i rith an ama!”

“Tá cuid mhaith cailíní ar an scoil agus caitheann siad seádar cosúil leat féin, a leanbh,” arsa a haintín. “Tá mé cinnte go ndéanfaidh tú cairdeas le daoine nua inniu, fan go bhfeicfidh tu.”

Ach ní mar sin a tharla ar chor ar bith, ní mar sin a bhí ar dtús. Is fíor go raibh cailíní eile ann a chaith seádar, ach bhí siad uile ní ba shine ná Shirin agus dhiúltaigh siad labhairt léi.

Ina rang féin dhírigh na cailíní mear uirthi agus rinne siad gáire. Bhí gruaig éadrom dhonn nó gruaig fhionn agus súile gorma acu uile, agus níor éirigh siad cairdiúil leis an gcailín nua mar ní raibh sí cosúil leo; bhí a craiceann agus a súile dorcha agus chaith sí seádar. Níor mhaith le Shirin go raibh sí chomh difriúil sin le daoine eile agus ba mhian léi arís eile bheith ar ais sa bhaile lena máthair.

Le linn sos lóin, agus Shirin ina suí i gcoirnéal den chlós súgartha agus ag pleanáil éalú léi go Tehran, tháinig buachaill óg ina treo.

“Stiofán is ainm dom,” arsa an buachaill. “Ar mhaith leat cuid de mo chreathán bainne a roinnt liom?”

Agus leis sin, thairg an buachaill óg do Shirin a chreathán bainne de shútha talaimh a raibh sifín ina bharr.

Shíl Shirin go raibh an-bhlas ar an gcreathán bainne agus bhí uirthi í féin a stopadh sular ól sí an deoch uile.

“Ná tabhair aird ar bith ar an muintir eile sin. Caitheann siad go holc liomsa amanna mar go bhfuil mé i mo chónaí le mo Mham. D’fhág mo Dhaid sinn tamall fada ó shin, agus anois níl ann ach an bheirt againn. Tá mo Mham ar fheabhas agus tugann sí aire an-mhaith dom, ach níl mórán airgid againn agus bíonn siad ag magadh fúm mar deir siad go bhfuil mé bocht agus go bhfuil éadaí salacha agam.” Bhreathnaigh Stiofán síos ar a bhléasar agus ar a bhróga agus chroith sé a ghuaillí. “Níl siad salach, níl ann ach go bhfuil siad sean.”

Thosaigh an buachaill óg ag gáire go tobann. “Tá siad uile amaideach cibé ar bith. Conas a bheadh a fhios acu!”

Rinne Shirin gáire mar bhí miongháire álainn ag Stiofán, agus chomh maith leis sin, bhí croiméal mór de shútha talaimh ar a aghaidh tar éis dó an sifín a tharraingt amach as a chreathán bainne agus ól díreach as an mbuidéal, agus gach aon ghlug as agus an creathán iomlán á ól aige.

Bhí ar an gcailín óg a admháil nár lig sí do na barúlacha a bhí ag daoine eile cur isteach uirthi roimhe seo, mar sin de, cad chuige a dtosodh sí anois?

“Tá an ceart agat,” ar sise. “Cén t-eolas atá acu cibé ar bith?” Agus mar chúiteamh ar an gcuid dá chreathan bainne a thug sé di, bhain Shirin ceithre phíosa baklava as a póca agus roinn sí na cístí milse lena cara nua.

“Sílim go bhfuil cuma fhaiseanta ar do scairf chinn,” arsa Stiofan, agus é ag alpadh siar píosa iomlán baklava in aon iarracht amháin.

“Tugtar seádar uirthi,” arsa Shirin leis.

Chas an buachaill óg an focal thart ina bhéal mar aon leis an baklava siúcrúil.

“Is fíor go bhfuil cuma an-fhaiseanta uirthi,” ar seisean.

Go tobann tharraing Stiofán a bhléasar thar a chloigeann ionas go raibh sé féin ag caitheamh cineál seádar freisin. Rinne Shirin gáire mar bhí cuma an-ghreannmhar ar an mbuachaill go deimhin. Shamhlaigh sí go mbeadh dúil mhór ag a máthair agus ag a hathair i Stiofán. Ba dhuine láidir é Stiofán agus bhreathnaigh sé ar an taobh gheal den saol i gcónaí, rud a dúirt máthair Shirin a bhí an-tábhachtach.

Níorbh fhada go raibh an bheirt acu sáite i gcluichí, ag rith thart sa choirnéal den chlós súgartha, iad sna sála ar a chéile ar fud na háite ar fad. Roinn siad scéalta lena chéile agus d’inis Shirin gach rud faoin saol in Tehran do Stiofán, agus d’inis Stiofán do Shirin faoi na rudaí tarraingteacha uile a thiocfadh léi a dhéanamh i mBaile Átha Cliath, mar shampla, súgradh a dhéanamh i bPáirc an Fhionnuisce, nó dul chuig an zú sa pháirc sin, nó chuig an bpictiúrlann ar Shráid Uí Chonaill.

“An bhfaca tú leipreachán riamh?” a d’fhiafraigh Shirin.

Smaoinigh Stiofán ar feadh nóiméid agus ansin dúirt sé go cineálta: “Ní fhaca go fóill.”

 

Bhuel, níorbh fhada gur thug na páisti eile faoi deara go raibh Shirin agus Stiofán ag éirí mór le chéile, agus ba ghearr gur thosaigh siad ag cruinniú thart agus ag glacadh páirte sna cluichí agus sna scéalta.

Sular buaileadh an clog leis na páistí a ghlaoch ar ais chuig a gcuid ranganna, bhí scaifte mór páistí cruinn le chéile ag éisteacht le Shirin agus í ag insint scéalta faoina saol in Tehran: an tslí a ndeachaigh sí i bhfolach faoina leaba nuair a chuala sí na buamaí ag titim as an spéir san oíche nó í ar cuairt ag a huncail mire a bhí ina chónaí i dteach mór ar an trá, áit a ndeachaigh sí ar a laethanta saoire. Bhí iontas ar na páistí scéalta mar seo a chloisteáil agus ní raibh siad in ann iad féin a stopadh ó bheith ag cur a lán ceisteanna ar Shirin. Agus bhí Shirin an-sásta na ceisteanna uile a fhreagairt.

Agus dá réir sin, d’fhiafraigh Shirin de na páistí faoi Éirinn agus cad chuige a raibh sé chomh fuar sin cé go raibh an samhradh ann. Bhain seo gáire as na páistí. Sa deireadh, bhí ar mhúinteoir teacht isteach sa chlós súgartha agus scairteadh ar na páistí teacht ar ais chuig a gcuid ranganna mar níor thug siad faoi deara fiú go raibh an clog ag bualadh as siocair go raibh an oiread sin craice acu.

Agus í ar an mbealach trasna an chlóis, mhothaigh Shirin tonn mhór buíochais do Stiofan mar thaispeáin sé di rud éigin a bhí an-tábhachtach.

“Tá sé ceart go leor le bheith difriúil,” ar sise léi féin, “leis an fhírinne a rá, is rud an-álainn é.” Agus an cuimhneamh seo go láidir ina intinn, bhí rún daingean ag Shirin saol nua a dhéanamh di féin in Éirinn agus bród a chur ar a tuismitheoirí.

“Cé aige a bhfuil a fhios,” dar léi, “B’fhéidir go mbeadh a fhios ag mo mháthair agus ag m’athair nuair a thiocfaidh siad anseo cá bhfeicfinn leipreachán”.

 

 

Creidiúintí

Scríbhneoir

 Anonymous

Aistritheoir

Micheál Ó Máirtín

Profú

Pól Ó Cainín

Ceol Téama

 'Staccato Strings Loop' le Holy Hammer Audio/ Audiojungle

Obair ealaíne

Shutterstock

 

Enjoyed this story?
Find out more here