KidsOut World Stories

Fia agus Iaguar – Leagan Ultach    
Previous page
Next page

Fia agus Iaguar – Leagan Ultach

A free resource from

Begin reading

This story is available in:

 

 

 

COGG logo

 

CCEA Logo

 

 

 

 

 

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

 

 

 

Fia agus Iaguar

 

 

 

 

 

 

 

 

Shiúil Fia in aice leis an abhainn mhór isteach san fhoraois. “Ó, ach cad é an cineál saoil atá agamsa? Níl baile ar bith agam. Tógfaidh mé teach dom féin, b’fhéidir. Tá an áit seo lán chomh maith le háit ar bith eile.”

Shiúil Fia leis.

Shiúil Iaguar an bealach in aice leis an abhainn mhór agus é ag lapadáil leis isteach san fhoraois. Tháinig sé a fhad leis an áit chéanna. “Ó, cad é an cineál saoil atá agamsa? Socróidh mé síos lá éigin, b’fhéidir, agus déanfaidh mé baile dom féin. Bheadh an áit seo lán chomh maith le háit ar bith eile.

Agus shiúil Iaguar leis.

D’fhill Fia agus ghlan sé ar shiúl an scrobarnach lena bheanna breátha, ghlan sé ar shiúl na crainn agus rinne sé an talamh leibheálta lena theach a thógail, agus ansin chuaigh sé isteach san fhoraois.

Ansin tháinig Iaguar an bealach: “Seo í an áit a raibh mé le mo theach a thógáil, ach tá an talamh réitithe agus cothrom. Is léir gur bheannaigh an Dia Tupan an áit seo. Is anseo a dhéanfaidh mé mo theach.” Agus le díograis, rinne Iaguar an talamh cothrom agus mín agus rinne sé urlár dó féin—urlár crua lonrach agus rinne sé é le cuidiú a chuid fiacla—agus ansin chuaigh sé isteach san fhoraois.

D’fhill Fia: “Tá urlár déanta—urlár lonrach crua. Is léir go bhfuil an Dia Tupan ag cuidiú liom.” Agus le díograis nua, thóg Fia ballaí don teach. Nuair a bhí sé críochnaithe, chuaigh Fia isteach san fhoraois.

Ansin thainig Iaguar an bealach: “Thóg an Dia Tupan ballaí do mo theach. Anois déanfaidh mé féin díon.” Agus rinne Iaguar díon láidir agus nuair a bhí sé críochnaithe aige chuaigh sé isteach san fhoraois. Chonaic Fia go raibh an díon déanta:

“Is fíor go bhfuil mé beannaithe ag Tupan.”

Taobh istigh den teach, rinne Fia dhá sheomra: Ceann amháin dó féin agus an dara ceann do Tupan. Chuaigh sé isteach i seomra amháin, rinne sé a scíth agus chodail sé agus an lá ag dul ó sholas.

Agus ansin d’fhill Iaguar agus chonaic sé go raibh dhá sheomra sa teach: “Tá seomra déanta dó féin ag Tupan leis an teach a roinnt liom.”

Chuaigh sé isteach sa tseomra eile agus chodail sé.

Chodail Fia agus Iaguar i rith na hoíche sa teach chéanna. Mhúscail an bheirt acu le breacadh an lae.

Chonaic Fia Iaguar. D’amharc Iaguar ar Fhia: “Ar chuidigh tú agus mo theach á thógáil?”

“Chuidigh, leoga. Ar chuidigh tú féin agus an teach s’agamsa á thógáil?”

“Chuidigh, leoga.”

Agus is mar sin a roinn Iaguar agus Fia an teach le chéile go síochánta – ar feadh tamall gearr.

Bhí ocras ar Iaguar: “Cuir síos tine. Cuir síos pota le bruith. Tá mise ag dul a sheilg.” Agus d’fhág Iaguar an teach agus d’ullmhaigh Fia an tine agus sáspan uisce bhruite.

Tháinig Iaguar ar fhia, rug sé air agus mharaigh sé é. D’iompair sé é ar ais chuig an teach. Thosaigh sé a chócaireacht an fhia. Nuair a chonaic Fia cad é a bhí Iaguar a chócaireacht, bhí brón air.

Thosaigh Iaguar a ithe. Bhí eagla ar Fhia agus níor ith sé rud ar bith. Chuaigh Fia chuig a sheomra agus rinne sé iarracht codladh a dhéanamh.

Chuaigh Iaguar chuig a sheomra féin.

Choinnigh Fia a shúile oscailte an oíche ar fad agus eagla air go dtiocfadh Iaguar agus é a alpadh.

*

Ar maidin, deir Fia le hIaguar: “Déan tine. Cuir síos sáspan. Bruith an t-uisce. Tá mise ag dul a sheilg.”

Chuaigh Fia isteach san fhoraois. Is ansin a bhí iaguar ag géarú a chuid crúb in éadan coirt crainn. Shiúil Fia leis go dtí gur tháinig sé ar Tamandua, an t-alpaire seangán.

“Labhair an t-iaguar sin le teann mioscaise ort.”

Tháinig fearg ar Tamandua. D’imigh sé agus d’ionsaigh sé an t-iaguar lena chrúba géara láidre. Nuair a bhí an t-iaguar marbh, d’imigh Tamandua leis. D’iompair Fia an t-iaguar marbh ar ais chuig an teach.

Nuair a chonaic Iaguar cad é a bhí Fia a chócaireacht, bhí eagla air. Ni raibh sé ábalta amharc ar Fhia agus é ag ithe an bhéile agus mar sin de chuaigh sé chuig a sheomra. Ach ar ndóigh, mar atá a fhios agat, ní itheann fia feoil iaguair.

Chuaigh Fia chuig a sheomra anois. Ní raibh Fia ábalta codladh. Bhí eagla ar Fhia go dtiocfadh Iaguar san oíche agus é a alpadh.

Ni raibh Iaguar ábalta codladh. Bhí eagla air féin go dtiocfadh Fia san oíche agus eisean a alpadh.

Sa deireadh thosaigh Iaguar a chlaonadh a chinn agus thit néal codlata air.

Sa deireadh thosaigh Fia a chlaonadh a chinn agus thit néal codlata airsean fosta. Agus é ag titim ina chodladh, bhuail a bheanna in éadan an bhalla agus rinne siad trup ard. Mhúscail Iaguar agus eagla air go raibh Fia ag teacht le hionsaí a dhéanamh air. Lig sé scread ard as. Chreid Fia go raibh Iaguar ag teacht lena mharú.

Theith Fia ón teach! Theith Iaguar ón teach! Rith an bheirt acu i dtreonna difriúla óna chéile.

Ón am sin i leith, níor chónaigh Iaguar agus Fia le chéile.

 

 

Rannpháirtithe

Scríbhneoir

 David Heathfield

Aistritheoir

Micheál Ó Máirtín

Profú

Pól Ó Cainín

Ceol Téama

 'Eastern Sunset' le NC music/Audiojungle

Obair ealaíne

Shutterstock

 

Enjoyed this story?
Find out more here