KidsOut World Stories

An Scuab Phéinte Dhraíochta (Cúige Uladh)    
Previous page
Next page

An Scuab Phéinte Dhraíochta (Cúige Uladh)

A free resource from

Begin reading

This story is available in:

 

 

 

 

COGG logo

 

CCEA Logo

 

 

 

 

 

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

 

 

 

An Scuab Phéinte Dhraíochta

Seanscéal Síneach

 

 

 

 

 

 

Uair amháin fadó, bhí fear óg ann. Ma Liang an t-ainm a bhí air. Bhí sé bocht agus cineálta agus bhí an oiread sin dúile aige sa líníocht gur tharraing sé pictiúir gach áit a raibh sé. Oíche amháin, bhí brionglóid aige gur thug seanfhear scuab phéinte dhraíochta dó agus gur iarr sé air í a úsáid le cuidiú le daoine bochta. Nuair a mhúscail Ma Liang, fuair sé an scuab phéinte dhraíochta ar an deasc s’aige.

Ón lá sin ar aghaidh, bhain Ma Liang úsáid as an scuab phéinte nuair a bhí cuidiú de dhíth ar dhaoine bochta.

Nuair a chonaic Ma Liang nach raibh uisce ag na daoine le húsáid sna páirceanna, tharraing sé abhainn agus go tobann bhí abhainn nua ann. Ansin bhí daoine ábalta uisce a thabhairt ón abhainn chuig an pháirc le cuidiú lena gcuid barr a fhás. Nuair a chonaic sé na feirmeoirí ag streachailt le bia a chur ar fáil dá gclann tharraing sé níos mó bia dóibh le hithe. Níorbh fhada go raibh a fhios ag a lán daoine faoin scuab phéinte dhraíochta agus go raibh siad buíoch de Ma Liang.

Ach bhí fear saibhir sprionlaithe ina chónaí sa tsráidbhaile agus shocraigh sé go ngoidfeadh sé an scuab phéinte ón fhear óg ionas go dtiocfadh leis féin í a úsáid le héirí níos saibhre. Mar sin de, chuir sé a shearbhóntaí go teach Ma Liang leis an scuab phéinte dhraíochta a ghoid.

Chomh luath agus a fuair sé an scuab, mhothaigh sé iontach sásta agus d’iarr sé ar a chairde teacht chuig a theach sa dóigh go dtiocfadh leis an scuab a thaispeáint dóibh. Tharraing sé a lán pictiúr, ach níor tháinig beocht i gceann ar bith acu dó. Bhí fearg an domhain air nach raibh an scuab phéinte ag obair dó, agus mar sin de, chuir sé fios ar Ma Liang.

Dúirt sé leis an fhear óg, “Má tharraingíonn tú dornán pictiúr dom agus beocht a chur iontu, scaoilfidh mé saor thú.”

Ní raibh fonn ar Ma Liang cuidiú le drochdhuine mar é, ach rinne sé smaoineamh.

Dúirt seisean leis an drochdhuine, “Cad é atá tú ag iarraidh orm a tharraingt?”

Dúirt an fear saibhir, “Tá sliabh óir de dhíth orm. Rachaidh mé ann le hór a bhailiú.”

Ach tharraing an fear óg farraige ar dtús.

Bhí fearg ar an fhear shaibhir, “Cad chuige ar tharraing tú pictiúr den fharraige? Sliabh óir atá de dhíth orm. Tarraing é go gasta!”

Agus ansin tharraing an fear óg sliabh óir a bhí i bhfad ar shiúl ón fharraige.

Dúirt an fear saibhir, “Tarraing long mhór go gasta. Ba mhaith liom dul ansin le hór a bhailiú.”

Rinne an fear óg mionghaire go ciúin agus tharraing sé long mhór. Léim an fear saibhir isteach sa long agus d’imigh sé leis an t-ór a fháil ach nuair a sheol an long isteach i lár na farraige, tharraing Ma Liang tonn mhór a scrios an long agus ní fhaca aon duine an fear saibhir sa tsráidbhaile riamh arís.

Ina dhiaidh sin, bhí saol sona sásta ag an fhear óg lena theaghlach féin. Bhain sé úsáid as an scuab phéinte dhraíochta le cuidiú leis na daoine bochta mar a d’iarr an seanfhear air a dhéanamh. Bhí clú agus cáil ar an scuab phéinte dhraíochta fosta agus bhí grá ag gach duine uirthi.

 

 

Creidiúintí

Scríbhneoir

 Anonymous

Ceol Téama

 'Chinese in Russia' le maestro-misha2012 on Audiojungle

 Obair ealaíne

Shutterstock

 

Enjoyed this story?
Find out more here